Oíche fuar Dhomhnaigh (12/02/12) a bhí ann, ar thuaisceart na Life, nuair bhailigh idir óg is aosta isteach sa teach mhór, Amharclann na Mainistreach chun ócáid stairiúl a chéiliúradh.
Bhí Tríur, sin Peadar Ó Riada, Martin Hayes agus Caoimhín Ó Raghallaigh, ag seinnt ar stáitse ann; an chéad uair de réir dealraimh go raibh ceol traidisiúnta ar stáitse, ar an nDomhnach san ‘Abbey’ ó bunaíodh í, ach nílim cinnte faoi sin. Rud amháin a bhfuilim cinnte faoi ná nach raibh ceol chomh aoibheann, álainn, bríomhar riamh ar stáitse na hamharclainne, go dtí gur bhuail na fir uasail sin cláir úrláir an Abbey.
‘Sé stiúrthóir na hamharclainne Fiach MacConghail a bhí mar fhear an tí ar an oíche agus labhair sé faoi athair Pheadar, Seán, a bhí mar Stiúrthóir ar cheol san amharclann sna seascaidí ar ndóigh. Ansin, tar éis dó fáilte a chuir roimpu, tháinig na fir ar stáitse agus thosnaigh an draíocht.
Tá’n snas céanna ar an albam nua de chuid Tríúr, mar a bhí ar an gcéad cheann, agus seinneann siad gach tiúin nua-chumtha le fonn. Thug Peadar, Martin agus Caoimhín míniú agus cúlra faoin méid a bhí á sheinnt acu, agus caithfidh mé a rá leis an méid a bhí le rá acu, ba bhreá liom a bheith mar chuileog ar an bhfalla istigh sa seomra speisialta sin thíos i gCúil Aodha chun éisteacht leo fad is a bhí an taifead ar siúl acu. Bhain Peadar úsáid as aip ar an iPhone lena chinntiú go raibh na h-uirlisí tiúnta i gceart. Thaitin sé seo go mór leis an lucht féachana; an traidisiún a phósadh leis an nua-theicneolaíocht. Bhí meascán mhaith ann idir tapadh is mall, agus choimeád Triúr an lucht éisteachta ciúin socair sásta fad is a bhíodar ar stáitse.
Bhí sé i gceist agam freastail ar an ngig le mo dheirfiúr, ach d’athraigh na pleananna a bhí aici agus ní fhéadfadh sí teacht. D’fhreastail an Cailíndeas in ionad, ar an gceolchoirm le seanchara liom a sheineann an bodhrán. Agus muid ag caint ag an briseadh leathshlí agus ag plé ár gcuid tuairimí, dúirt seisean gur thaitin an méid a bhí cloistithe go mór leis mar cheoltóir agus mar éisteoir. Dúirt sé go raibh luas agus rithim mhaith ag gach fonn, agus mar cheoltóir bheadh sé fiáin chun seinm leo!
Ar ndóigh más ag caint faoi lucht éisteachta atáim ba chóir dom a rá go raibh an lucht éisteachta saibhir ó thaobh muintir cultúrtha na tíre ann ar an oíche; daoine ar nós Iarla Ó Lionaird, Stephen Rea, muintir Uí Riada fhéin, iadsan atá ag cur fúthú sa phríomhchathair, agus ar ndóigh an scannanóir Dónal Ó Céilleachair, atá tar éis beagnach ceithre bhliain a chaitheamh mar an chuileog sin ar fhalla an tseomra ag taifead gach nóiméad nach bhfuil le feiceáil ar stáitse, agus le cloisteáil ar an ndlúthdhiosca. Nach aige a bhí an saol!!! Dúirt Peadar ar an oíche go mbeidh clár fáisnéise á chraoladh ar RTÉ i Mí Márta a dhéanfadh cur síos ar an méid a bhailigh Dónal. Measaim go mbeidh suim ag an-chuid daoine sa mhéid sin a fheiscint, agus tá súil agam go mbeidh gach éinne a bhí bainteach leis sásta le toradh a gcuid oibre.
D’éinne ag a bhfuil suim acu sa cheol go ginearálta, nó sa cheol traidisiúnta ba chóir daoibh cluas a thabhairt don album nua Triúr Arís agus tabhair bronntanas duit fhéin sa chéad albam, Tríúr sa Draighean muna bhfuil sé agat cheana féin. Cuirfidh sé gliondar ar do chroí, faoin am go mbeidh an dhá dlúthdhiosca thart, bheadh an tigh glanta agat, an iarnáil déanta, agus an dinnéar istigh san oigheann agus ní mhothóidh tú an t-am ag imeacht, geallaim duit!!
Comhghairdeachas le Conor Byrne chomh maith ar ndóigh a thug an ceolchoirm chun stáitse ar an gcéad dul síos. Dhein sé jab iontach!



