Tiománaithe Tacsaí

Tar éis do RTÉ clár speisialta de chuid ‘Prime Time’ a chraoladh aréir ar an ábhar, tá tiománaithe tacsaí agus an tionscail ar fad go mór i mbéal an phobail inniú.

Bheartaigh an Cailín Deas, agus an clár seo feicithe aici, gur cheart mo thaithí féin le tiománaí tacsaí amháin a roinnt leis na léitheoirí anseo.

Tharla an t-eachtra seo nuair a  bhíos ag freastail ar an ollscoil san Oirthear, timpeall 2004-05.

Bhí an chéad taispeánt don scannán ‘Alexander’ ar siúl istigh i lár chathair Áth Claith, agus bheartaigh mé fhéin agus cara liom dul isteach chun féachaint an mbeadh éinne cáiliúl ann. Go deimhin bhí daoine cáiliúla ann; Oliver Stone, Angelina Jolie, Colin Farrell, agus Val Kilmer ina measc. Bhí sé go h-iontach ar fad, agus chun an ócáid a chéiliúradh chuamar síos go dtí óstán An Clarence chun greim a bheith againn le n-ithe (cé nach raibh aon airgead againn mar mhic léinn, ba ócáid speisialta é seo). Mar sin tar éis dúinn píosa a ithe, agus deoch amháin an duine a bheith againn, bhailigh mise mo chuid stuif ionas go bhféadfainn an bus deireanach abhaile a fháil, taobh amuigh den óstán. Is cuimhin liom go maith mo chara a rá liom ‘Faigh tacsaí ó stad an bhus ar eagla na h-eagla go mbeadh éinne dainséarach amuigh’. ‘Cinnte’ a dúirt mé, agus chuireas glaoch ar chomhlacht tacsaí díreach ansin, ionas go mbeadh carr ag fanacht liom nuair a bheadh an stad dhiereanach scroichte agam.

Ar aghaidh liom mar sin, agus mo chara tar éis iarraidh orm text no glaoch tapaidh a chur uirthi nuair a bheinn ar ais i mo árasán.

Ag stad an bhus sa mbaile, chonaic mé go raibh tacsaí ag fanacht ann. Thuigeas gurb é an tacsaí a bhocálas a bhí ann. D’oscalaíos an doras agus d’iarras ar an tionmánaí a’ raibh sé ag fanacht ormsa. Dúirt sé go raibh agus shuigh mé isteach.

Nuair a tharraig sé amach ar an mbóthair dúirt sé rud éigin ait liom. Dúirt se go raibh sé thíos ag an oifig nuair a tháinig mo ghlaoch isteach, agus nuair a chuala sé m’ainm as Gaeilge, theastaigh uaidh bualadh liom.

Ní rabhas ag iarraidh labhairt leis dáiríre, agus ligeas amach gáire beag, agus níor d’fhreagair mé é. Ansin d’iarr sé orm cad a bhí ar siúl agam sa chathair. Dúirt mé leis, agus is ag an bpointe sin a d’athraigh an t-atmaisféar istigh sa charr. ‘Angelina Jolie?’ a dúirt sé ‘is breá liom í, inis dom, an bhfuil sí chomh dathúil agus í ag seasamh os do chomhair?’ ‘Tá sí níos lú ná mar a cheapfá,’ sin an méid a dúirt mé. Ach lean sé ar aghaidh, ‘Cé chomh beag, chomh beag le Kylie Minogue, nó chomh beag leatsa?’ agus a shúile a’ dó isteach i mo cheann. Mhotaíos míchoimpóirdeach. ‘N’fheadar’ a dúirt mé. Ag iarraidh an chomhrá a athrú, d’fhógair mé ‘Bhí Colin Farrell ann chomh maith, tá seisean craiceáilte nach bhfuil?’ .’Yeah’ a dúirt sé, ‘beidh orm teacht amach as an tacsaí chun féachaint ortsa i gceart nuair a shroicimid do theachsa’, a dúirt sé,’ agus mé ag féachaint ort sa dorchadas, measaim go bhféachann tú cosúil le Angelina, agus chuirfinn geall leat go bhfuil sí díreach go h-ard agus tanaí leatsa.’

Bhíos ag tabhairt sonraí an charr faoi ndeara, cén saghas dashboard a bhí ann, an raibh rudaí ag crochadh as an scáthán. Ní rabhas ólta, bhíos go h-iomlán i mo dhúiseacht.

Bhíos fós ag iarraidh an chomhrá a athrú timpeall, agus d’iarras air stopadh beagáinín amach ón áit ina raibh mo árasán.

Scaoil me le mo chrois sa charr, agus go tobann, chonaic mé go raibh an tiománaí tar éis an rud céanna a dhéanamh. Léimeas amach as an gcarr, agus nuair a chas mé timpeall ar feadh soicind, chonaic mé go raibh an tiománaí tar éis teacht amach as an gcarr agus go raibh sé ag siúl i mo threosa. Thosnaíos ag siúl liom, nuair a mhothaíos a lámha timpeall mo chromán. Tharraing sé chuige mé. Bhí sé ag caint faoi Angelina Joile go fóill i measc rudaí eile, agus é ag cuimilt a lámha suas agus síos mo dhrom. Saoileas saor mo lámha agus bhrúigh mé a chliabhrach uaim. ‘Caithfidh mise dul isteach abhaile, dáiríre,’ a dúirt mé. Thugas faoi ndeara gur fuair sé boladh mo anál, agus go raibh a fhios aige nach rabhas ar meisce. Scaoil sé saor mé ó slabhraí a lámha, agus scread sé i mo dhiaidh ‘Tá tú cosúil léi, Angelina Jolie, nuair a chím tú ag siúl uaim.’

Ritheas isteach i mo árasán. Ansin bhuail sé mé, ‘Ar cheart dom rá le duine éigin faoin eachtra seo, tá’s ag an fear seo cá bhfuil cónaí orm, ar cheart dom rá le duine éigin?’ Bhí mo flatmates ar fad imithe a chodladh, agus phiocas suas mo fón póca agus chuireas glaoch ar mo chara a bhí sa chathair liom. D’inis mé an scéal di. ‘An bhfuilim ag tabhairt an iomarca smaoineamh do seo,’ a d’iarras uirthi, ‘níor tharla aon rud uafásach, scaoil sé saor mé’. Bhéic sí síos an guthán ‘An t-aon chúis gur scaoil sé saor tú ná mar nach raibh tú ólta, agus go raibh an misneach agat éalú uaidh, dá mbeifeá ólta, ní bheadh seans agat i gcoinne duine éigin mar sin.’

Bheartaigh mé ar dul chuig na seirbhisí slándála ar an gcampas chun insint dóibh faoin eachtra, os rud e go raibh cónaí orm ar an gcampas.

Bhuaileas leis an bhfear a bhí ar bhfeighil ar chúrsaí slandála, agus is cuimhin liom go maith é a bheith an-chneasta liom, agus  ghabh sé buíochas liom as ucht teacht chuige. Mhol sé dom dul chuig na Gardaí. Dúirt sé liom nár cheart don fear seo a bheith ag tiomáint tacsaí; post ina mbeadh teacht aige ar chailíní agus iad ar meisce, nó gan iad a bheith ar meisce, nuair a bhí sé soiléar go maith, gur fear dainséarach a bhí ann.

Shiúil an bheirt againn chuig stáisiúin na nGardaí, agus thógadar cúntas uaim. Bhíodar buíoch as ucht na sonraí ar fad a bhí agam; déantús an charr, an cuma a bhí ar an taobh istigh de, céard a bhí á chaitheamh ag an tiománaí, agus an cuma fisiciúil a bhí air. Chreid siad nach rabhas ar meisce, agus d’iarradar orm an chás ar fad a fhágáil leo.

Taobh istigh de 3 lá fuaireas glaoch ar mo fón póca. Na Gardaí a bhí ann. Bhíodar tar éis an tiománaí a fháil. Nuair a cheistigh siad é faoin méid a tharla istigh sa tacsaí, d’aontaigh sé le mo scéal, suas go dtí an pointe gur tháinig sé amach as an gcarr. Bhí na Gardaí sásta go raibh poll ina scéal. Duirt siad liom go rabhadar tar éis gearán a fháil ó mná cheana féin i dtaobh an fhear seo, ach nach raibh go leor sonraí ag na mná sin mar go rabhadar ar meisce. Ní raibh siad ábalta mír méaraí an scéil ar fad a chur le chéile, mar nach raibh sé ar a gcumas smaoineamh ar gach rud a tharla. Gabhadar buíochas liomsa, mar an uair seo bheidís ábalta an ceadúnas tiomána tacsaí a bhaint ón fhear seo go deo, agus ní bheadh sé ábalta tacsaí a thiomáint arís. Bhí faoiseamh sa mhéid sin. Ach bhí fearg orm go raibh eolas acu ar an bhfear seo, sula tháinig mise chuicu, ach go raibh sé fós ag tiomáint.

Ach, ó am go h-am smaoinaím siar ar an méid a tharla. Measaim go bhfuil bearna mór ann i dtaobh na rialacha a chuirtear i bhfeidhim, i dtaobh cé h-iad na daoine a thiománann tacsaí. Fiú amháin muna mbeadh an fear sin tar éis lámh a leagadh orm, mhothaíos míchoimpóirdeach, agus scaoil an fear sin, é fhéin isteach i mo spás pearsanta, gan chead. Ní cheart go mbeadh an deis sin ag éinne, ach go h-áirithe duine a chaithfidh tú muinín a chur iontu chun tu a thabhairt chuig do cheannphointe. Tá cumhacht ag na daoine seo, cé nach mbíonn sé sin chun tosaigh i do aigne nuair a shuíonn tú isteach sa charr leo.

Tá athbhreithniú ag teastáil go práinneach ní h-amháin ar an NCT agus sábháilteacht na gcarranna, ach go mór mhór ar na daoine atá taobh thiar den roth. An smaoiníonn tú riamh ar cé h-iad na daoine seo, agus cén sórt rudaí a d’fhéadfadh a bheith ar aigne acu, duitse, nuair a shuíonn tú isteach, ólta nó gan a bheith? Is daoine macánta iad an chuid is mó acu, ach cad a tharlaíonn ar an oíche a bhuaileann tú leis an gceann dainséarach, agus cé a bheidh freagrach?